Skip to content
Artwork for Tús Áite

Tús Áite

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Play
  • 278 episodes
  • Avg 11 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • September 8 · 7 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 7 · 59 min

    Tús Áite - 7 Meán Fomhair 2026

    Clár cúrsaí reatha agus nuachta á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil. Inár dteannta ar an gclár inniu bhí: Aoife Granville (Léachtóir Béaloideasa i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, Ball den Chomhairle Ealaíona); Deirdre Donnelly (Iar-Chomairleoir Contae agus Saor-iriseoir); Pól Ó hÍomhair (Mac Léinn Gaeilge agus Teangeolaíochta Coláiste na Trionóide); Niamh Uí Bhriain (Colúnaí le Gript). See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 7 · 7 min

    An Painéal Idirnáisiúnta: “Think-in" Fianna Fáil.

    Is ag teacht le chéile Fhianna Fáil sa Tulach Mór i gCo Uibh Fhaillí atá an tAire Dlí agus Cirt agus an Taoiseach ag caint faoi na moltaí nua agus faoin laghdú ar iarrthóirí tearmainn. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 7 · 18 min

    An Painéal Iidirnáisiúnta: Bua faighte ag an AFD sa Ghearmáin.

    Tá an páirtí i bhfad ar dheis, Alternative für Deutschland (AfD), an-ghar do bheith ábalta rialtas a bhunú i stát Saxony-Anhalt in oirthear na Gearmáine tar éis dóibh teacht sa chéad áit ansin le 43.8% den vóta. Tá siad anois ag lorg tacaíochta ó pháirtithe eile le cathrú leo comhrialtas a chur le chéile. Diúltaíonn formhór páirtithe polaitiúla sa Ghearmáin comhoibriú leis an AFD. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 7 · 18 min

    An Painéal Iidirnáisiúnta: Rialacha Saorántachta.

    Bheadh ar dhaoine atá ag déanamh iarratas ar shaoránacht Éireannach Gaeilge nó Béarla a bheith acu faoi rialacha níos déine atá á moladh ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan. Dúirt an Taoiseach Míchéal Martin go mbeadh na rialacha nua ag teacht leis an gnáth cur chuige i dtíortha Eorpacha eile. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 4 · 5 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta móra polaitíochta an lae á phlé le John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 4 · 22 min

    Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine.

    Phléamar cúrsaí na seachtaine seo le Diarmuid Ó Sé, Iar-Léachtóir An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus Críostóir Ó Faolain, Stiúrthóir Choláiste na Rinne. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 4 · 6 min

    Tús Áite: Katie Taylor i bPáirc an Chrócaigh.

    Cuirfidh an laoch spóirt Éireannach deireadh lena laethanta sa chró dornálaíochta le troid amháin eile i gcoinne an dornálaí Francach Flora Pili oíche amárach i bPáirc an Chrócaigh. Phléamar an imeacht stairiúil seo le Julia Ní Dhubháin, Cóitseálaí dornálaíochta Club Dornálaíochta Chonamara. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 4 · 7 min

    Tús Áite: Cúnamh Forbartha Thar Lear

    Tá Éire anois san ochtú áit ar domhain ó thaobh cúnamh forbartha thar lear Anuraidh méadaíodh an leathdháileadh don chlár Cúnamh Éireann €36 milliún go €807.0 milliún. Phléamar an scéal seo le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 4 min

    Tús Áite: Síocháin uaidh Putin?

    Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal leis an gCoirnéal Seosamh Mac Donnchadha. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 5 min

    Tús Áite: Tuarascáil Aeraide Met Éireann

    Léiríonn tuarascáil ó Met Éireann go raibh an Samhradh seo mar an Samhradh is teo ar an taifead don dara Samhradh as a chéile de réir anailís sealadach ar na sonraí. Bhí sé chinn den 10 Samhradh is teo riamh ann ó 2001 i leith. Bhí An Coirnéal Seosamh Mac Donnchadha. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 5 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 11 min

    Tús Áite: Cuairt Trump

    Ta uachtarán Mheiriceá Donald Trump le cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chugainn agus go bhfuil an cuma ar an scéal go mbeidh cruinniú aige leis an Uachtarán Catherine Connolly mar chuid den chuairt sin. Phléamar an scéal le na Úna Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 8 min

    Tús Áite: Mórshiúil na Fir Bhuí, Bóthar Gharbh Eachaidh.

    D'fhógair an tOrd Oráisteach pleananna do pharáid "theoranta" mar a thug siad air i nDroim Crí, ceann de na bealaí paráide is conspóidí i dTuaisceart Éireann. Bhí an scéal seo a phlé le Ciarán Ó Pronntaigh, iriseoir agus craoltóir. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 4 min

    Tús Áite: Síocháin uaidh Putin?

    Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí EAchtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal le See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 3 · 6 min

    Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

    Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Concubhar Ó Liatháin, Iriseoir ilmheáin le TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 9 min

    Tús Áite: Mír na Meán

    Na scéalta atá go mór i mbéal an phobail, á chur i láthair ag Síle Ní Choinceannain, Ollamh Cúnta sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 10 min

    Tús Áite: Stiúrthóir nua Cheathrú Ghaeilge BÁC.

    Tá an ceoltóir agus an gníomhaí pobal agus Gaeilge Maitiú Ó Casaide ceaptha mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Tá an Cheathrú Ghaeilge beartaithe do cheantar thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Labhair muid leis faoin ról nua seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 5 min

    Tús Áite: Athrú Aeráide agus Feirmeoireacht.

    Duirt Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe go sárófar ardú 1.5°C ar theocht dhomhanda agus go bhfuil an dúshlán anois “athraithe ón sárú sin a sheachaint go bainistiú a dhéanamh air. Tá cur síos déanta ag na Náisiúin Aontaithe, i measúnú den chéad chineál dá leithéid, ar an gcaoi a bhféadfadh an domhan an méadú ar theocht dhomhanda a thabhairt ar ais go 1.5°C tar éis an spriochloch sin a bheith sáraithe. Phléamar an scéal le Aedraen Ó Dubhghaill, feirmeoir i bPortlaoise. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • September 2 · 5 min

    Tús Áite: Rialacha nua e-scútair.

    Ón Aoine seo amach, beidh sé éigeantach do dhaoine atá ag úsáid e-scútar clogad agus éadaí so-fheicthe a chaitheamh. Ní thiocfaidh an méadú atá beartaithe ar an íosteorainn aoise ó 16 go 18 mbliana d’aois i bhfeidhm go dtí níos déanaí sa bhliain. Bhí éin Ó Muíneacháin, urlabharaí iompair Fhianna Fáil, inár dteannta chun an scéal a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 221–240 of 278 episodes