Skip to content
Artwork for Tús Áite

Tús Áite

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Play
  • 257 episodes
  • Avg 11 min
  • Irish
Counted on this page — what you have heard stays on this device, so it is not something the list can be paged by.
  • Wednesday · 9 min

    Tús Áite: Mír na Meán

    Plé ar dhá chláir iontacha ar féidir breathnú orthu,Snámh in Aghaidh Easa agus Áras Éanna, phléamar iad le Norita Ní Chartúir. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Wednesday · 16 min

    Tús Áite: IMEASC agus Gaeloideachas

    Léirítear in anailís a d'fhoilsigh IMEASC inniu nach bhfuil ach 43,000 duine in ann freastal ar Ghaelscoil faoi láthair, cé go bhfuil éilimh suntasach ann. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair ag lá stocaireachta IMEASC in óstán Buswells inniu. Anuas ar sin, labhair muid le Rónán Mac Grianna Príomhoide Scoil Naomh Lorcáin, An Óméith, maidir leis an féidearthacht go n-aistreofaí an scoil ó scoil meán-an-Bhéarla go Gaelscoil ó thús na scoilbhliana 2027/2028. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Wednesday · 6 min

    Tús Áite: Cruinniú Mullaigh Comhshaoil COP31

    Labhair na scórtha ceannairí le linn na "plé ardleibhéil" ar siúl inniu agus amárach ag Cruinniú Mullaigh Comhshaoil COP31 sa Tuirc ina measc, Uachtarán na Tuirce, Uachtarán na Brasaíle agus Uachtarán na hIaráine, phléamar an scéal le Gráinne Ní Aodha, Tuairisceoir leis an Irish Examiner. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Wednesday · 12 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae.

    Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Tuesday · 5 min

    Tús Áite: "Ní creachadóir gnéis mé" - David Walliams

    "Ní creachadóir gnéis mé" Sin an freagra a thug David Walliams, an scríbhneoir aitheanta agus iar-mholtóir ar Britain's Got Talent, mar fhreagra ar na líomhaintí gur bhain sé míleas as a chlú agus stádas chun caidrimh ghnéis a a bheith aige le mná óga agus déagóirí. Labhair muid faoi le Tom Ó Ceallaigh, tráchtaire lonnaithe i Londain. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Tuesday · 18 min

    Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

    Na scéalta móra idirnáisiúnta, ina measc: An Úcráin, An Iaráin, agus Nvidia, iad seo á bplé le John Maguire, Iriseoir agus Tráchtaire i bPáras, agus Peadar De Blúit, Tráchtaire. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Tuesday · 9 min

    Tús Áite: Rún dollaí bóthair agus léirsithe breosla

    Tá Cúrsaí taistil agus bóithre ina ualach ar intinn mhórán againn - Tá ardú le teacht ar na dolaí mótarbhealaigh san athbhliain, mar a d’fhógair Bonneagair iompar Éireann le déanaí; tá costas ticéad bus nó traenach ag ardú chomh maith i mí Eanáir. Phléamar an scéal seo le Pa Daly, urlabharaí iompair Shinn Féin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Tuesday · 10 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Monday · 8 min

    Painéal an Luain: An Timpist i nDún Laoghaire

    Dúirt comhairleoir áitiúil i nDún Laoghaire go bhfuil an pobal áitiúil “faoi uafás agus croíbhriste” i ndiaidh na timpiste i ndeisceart Bhaile Átha Cliath inné, inar gortaíodh seisear déagóirí agus bean atá sna daichidí. Labhair muid leis an bPainéal faoi, agus freisin le Barry Ward, TDd'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Monday · 4 min

    Painéal an Luain: DUP vs Gaeloideachas

    Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, agus ionadaí ar Ghrúpa Oibre don Straitéis Ghaelscolaíochta sa Roinn Oideachais: “Is scannal iomlán é cinneadh an DUP agus an Aire Oideachais veto a dhéanamh ar an Bhille Gaelscolaíochta amárach tríd an ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’. Labhair muid leis maidir leis an scéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Monday · 17 min

    Painéal an Luain: Cainteanna Pá

    Tá cainteanna ag leanúint ar aghaidh idir an rialtas agus ceardchumainn mar gheall ar aighneas pá san earnáil phoiblí. Phléamar an scéal leis an bPainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Monday · 11 min

    Painéal an Luain: Cruinnithe AE agus Comhphobal Polaitiúil na hEorpa

    Tá dhá chruinniú mullaigh ollmhór idirnáisiúnta ag tarlú i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Déardaoin tiocfaidh 45 ceannaire Eorpach le chéile do chruinniú den Comhphobal Polaitiúil Eorpach. Phléamar é leis an bPainéal See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Monday · 6 min

    Tús Áite: Polaitíocht an Lae

    Scéalta móra polaitíochta an lae á bplé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • Monday · 17 min

    Tús Áite: Bagairt Bhuama

    Plé ar an mBagairt Bhuama a fógraíodh inniu, Labhair muid le Tristan Rosenstock, Craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí ar an gcampas nuair a fógraíodh an bagairt bhuama in RTÉ Domhnach Broc, labhair sé linn maidir leis an eachtra. le Sean Kelly, Feisire Eorpach le Fine Gael, maidir le himpleachtaí Eorpacha, Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus eile. Agus le Donncha Ó Laoghaire TD Shinn Féin i gCorcaigh Theas Lár agus Urlabharaí Gnóthaí Eachtracha an Pháirtí, chun Tuairim an Fhreasúra faoi bhagairt an lae inniu a fháil. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • November 5 · 4 min

    Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

    Scéalta ó na nuachtáin áitiúla, á gcur i láthair ag Conall Mac Dhonnagáin, Saor-léiritheoir. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • November 5 · 10 min

    Tús Áite: Leabhar nua Shaun Harte - "Book of Irish Puns"

    Tá leabhar foilsithe ag Shaun "WithAFada" Harte - Book of Irish Puns - atá lán d’imeartas focal, agus de scéalta grinn atá bunaithe ar na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Béarla. Labhair Jack Basquille faoi ar an gclár. See omnystudio.com/listener for privacy information.

  • November 5 · 5 min

    Tús Áite: Raidió Rí-Rá vs Coimisiún na Meán maidir le FM

    Tá Raidió Rí Rá ag áiteamh ar an bpobal ríomhphostanna a sheoladh go Coimisiún na Meán ag tacú lena n-éileamh go mbunófaí stáisiún ar FM dírithe ar an aos óg. Níl stáisiún FM Gaeilge don aos óg i measc na moltaí atá déanta i gcáipéis plé faoi sheirbhísí craoltóireachta atá foilsithe ag an gCoimisiún áfach. Labhair muid le Emma Ní Chearúil, bainisteoir Raidió Rí-Rá. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Showing 1–20 of 257 episodes